Áis éisteachta
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/96/Hearing_aid_20080620.jpg/250px-Hearing_aid_20080620.jpg)
Is é is áis éisteachta[1] (nó cluaisín cúnta) ann gaireas chun fuaim a aimpliú do dhuine le héisteacht éalangach. B'fhoirm luath de an adharc cluaise, feadán cónach a bhailigh an fhuaim isteach ag an gceann leathan agus a tharchuir isteach go dtí tiompán na cluaise í leis an gceann caol. Gairis leictreonacha a úsáidtear anois, le micreafón, aimplitheoir is cluasán, gach ceann acu laghdaithe is pacáilte i soitheach an-bheag le hoiriúnú díreach ar an gcluas. Déantar an tarchur deireanach go dtí an tiompán nó le seoladh tríd an gcnámh mhastóideach.[2]
Tagairtí
- ↑ ““hearing aid” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cluaisín cúnta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 148.