Is oileán é Eirisgeigh[1] sna hOileáin Siar, Comhairle nan Eilean Siar, de chuid thuaisceart na hAlban. Tá ainm an oileáin díorthaithe ón tSean-Lochlannais i gcomhair "Inis Eric". Luíonn sé idir Uibhist a Deas agus Barraigh agus é ceangailte le Uibhist a Deas le cabhsa a osclaíodh sa bhliain 2001. Sa bhliain chéanna rinneadh teirminéal farantóireachta as i gcomhair taistil idir Uibhist a Deas agus Barraigh. Taistealaíonn long fharantóireachta Caledonian MacBrayne idir Ceann a' Gháraidh in Eirisgeigh agus Aird Mhór i mBarraigh. Tógann an trasnú thart ar 40 nóiméad. Bhí 133 duine ag cur fúthu ar an oileán sa bhliain 2001. Bhí Gaoluinn na hAlban ag 79% don daonra ag an am.