Éin chreiche
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/df/Birds_of_Prey_Diversity.jpg/350px-Birds_of_Prey_Diversity.jpg)
Is éin iad na héin chreiche a sheilgeann ainmhithe móra (mamaigh is éin eile) le haghaidh bia. Bíonn gob láidir cuartha is ingne géara acu. Cuimsíonn siad na seabhaic, na hiolair, badhbha an tSeandomhain, an rúnaí, na seabhaic seilge, badhbha an Domhain Úir (ina measc, na condair), agus b'fhéidir na hulchabháin.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Éin chreiche". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 242.