Is í Abuja príomhchathair na Nigéire ó 1991, agus í suite i lár na tíre i gCríoch Phríomhchathair na Comhnaidhme. Cathair phleanáilte í Abuja a tógadh sa chuid is mó sna 1980idí. Rinneadh príomhchathair na Nigéire di ar 12 Nollaig 1991. Lagos an phríomhchathair roimhe sin. Sa bhliain 2006 bhí cónaí ar 776,298 duine in Abuja.