D’oscail an t-aerfort sa bhliain 1922. Ar dtús reáchtáil beirt phíolótaí ón Aerfhórsa Ríoga an t-aerfort[1].
Ceannaíodh an chéad eitleán a fuair an tAerchór chun an Ginearál Micheál Ó Coileáin a thabhairt ar ais ó na caibidlí maidir leis an gConradh Angla-Éireannach dá mba ghá.
Ar an 12 Aibreán1928 rinneadh an chéad trasnú ar éirigh leis ó Oirthear go hIarthar an Atlantaigh. Ba é Baile Dhónaill an pointe imeachta don eitilt seo (bhí an Ceannfort James Fitzmaurice, Oifigeach Ceannais an Aerchóir, ar dhuine den chriú).
1964. Bhunaigh an tSeirbhís Meitéareolaíochta stáisiún sionoptach iomlán.
Aimsir
Bíonn níos lú ceo ag Aeradróm Mhic Easmainn ná mar a bhíonn ag Aerfort BhÁC.
Tá neart na gaoithe, nuair atá sí ag teacht aniar aneas níos láidre ná mar a bhíonn i gceantair eile gar do Bhaile Átha Cliath. Tá an suíomh gar do na sléibhte.