Afracánaigh
Cineál | grúpa eitneach |
---|---|
Teanga | an Afracáinis |
Creideamh | An Protastúnachas |
Is grúpa eitneach ón Afraic Theas iad na hAfracánaigh (Afracáinis: [afriˈkɑːnərs]) de shliocht lonnaitheoirí Ollannacha a tháinig go Rinn an Dóchais go luath sa 17ú agus san 18ú haois. Go traidisiúnta, bhí siad chun tosaigh ar pholaitíocht na hAfraice Theas agus ar earnáil talmhaíochta tráchtála roimh 1994. Is í an Afracáinis a bpríomhtheanga.