Is ailse í ailse bhrollaigh nó ailse chíche a fhorbraíonn ó fhíochán cíche. [1] D'fhéadfadh go n-áireofaí le comharthaí ailse chíche cnap sa bhrollach, athrú ar chruth an bhrollaigh, loigíní ar an chraiceann, eiteachas bainne, sreabhach ag teacht ón tsine, sine nua thiontaithe, nó paiste dearg nó gainneach ar an chraiceann.[2] I measc na ndaoine sin a bhfuil an galar á scaipeadh i bhfad i gcéin, d'fhéadfadh pian chnáimhe, níoid limfeacha ata, giorra anála, nó craiceann buí a bheith ann.[3]
Tarlaíonn leathadh trí imshruthú na fola freisin do na cnámha, na scamhóga, an t-ae is orgáin eile. Mar chóireáil, déantar an siad a bhaint, nó fiú an chíoch iomlán (maisteachtóime), agus/nó meascán drugaí hormónacha frithailseacha.
I dtíortha áirithe déantar mná a scagthástáil go rialta le mamagraim (íomhánna X-ghathacha a léiríonn fíocháin na cíche).[4]