An Phléadach
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4e/Pleiades_large.jpg/300px-Pleiades_large.jpg)
Braisle oscailte réaltaí sa Tarbh is ea an Phléadach. Go coitianta tugtar an Seachtar Deirfiúracha orthu, bíodh is nach bhfuil ach 6 cinn infheicthe don tsúil. Tá ainmneacha traidisiúnta eile i nGaeilge orthu freisin: an Streoillín, an tÉillín, agus an Tréidín mar shampla.[1] An bhraisle oscailte is feiceálaí, agus luadh í i litríocht is miotaseolaíocht chomh fada siar le 2357 RC. Tá an bhraisle ann le timpeall 50 milliún bliain, is na céadta réaltaí inti. 116 parsoic amach uainn.[2]
Tagairtí
- ↑ ““Pleiades” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-14.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "An Phléadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 526.