Antony Beevor
Staraí cogaidh agus iarshaighdiúir Sasanach é Antony James Beevor a rugadh ar an 14 Nollaig 1946. Chaith sé tamall sna saighdiúirí agus é ar fiannas i Sasana agus sa Ghearmáin. Scríobh sé leabhair staire faoin Dara Cogadh Domhanda agus faoi Chogadh Chathartha na Spáinne.