Aosúchas

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAosú
Cineálphysiological condition (en) Aistrigh, díghrádú agus toisc riosca Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
CIAPP05 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0141823 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUICL415057 Cuir in eagar ar Wikidata
Seven pillars of aging[1]

Sa chiall is leithne, is féidir le haosúchas[2] tagairt a dhéanamh do chealla aonair laistigh d’orgánach a bhfuil deireadh leo ag deighilt, nó do dhaonra speicis (mar shampla aosú an phobail). Tagraíonn an téarma aosúchas go príomha do ainmhithe agus fungais. D'fhéadfadh baictéir, plandaí ilbhliantúla agus roinnt ainmhithe simplí a bheith neamhbhásmhar ó thaobh na bitheolaíochta de.[3]

Bitheolaíocht

Léargas amháin ar an bpróiseas is ea teip na colainne oiriúnú d'athruithe sa chomhshaol (a mhéadaíonn go leanúnach). Sna teoiricí nua-aoiseacha ar an laghdú oiriúnachta seo, meastar gur de bharr earráidí i macasamhlú an ADN i gcilldeighilt agus/nó earráidí i dtáirgeadh próitéiní is einsímí ag na cealla a tharlaíonn sé. Camann na hearráidí seo mar thoradh ar athruithe san ábhar géiniteach de réir mar a théann indibhid in aois.[4]

Agus an corp ag dul in aois, bíonn cealla nach bhfuil sainfheidhm leo díomhaoin go dtí go mbíonn sé in am na horgáin a athnuachan. Tugtar gaschealla fásta orthu sin, agus tá siad le fáil i ngach fíochán sa chorp.

Dá shine an corp, áfach, is ea is measa i mbun oibre na gaschealla fásta – rud a chuireann leis an aosú agus na fadhbanna a bhaineann leis. Meastar gur féidir na fadhbanna sin a shárú trí na gaschealla féin a athnuachan.[5]

Rinneadh turgnaimh sna 2000idí-2010idí a léirigh go gcuireann an ghéin ‘Nanog’[6] (ainmnithe as Tír na nÓg) tús an athuair le próisis cheallacha a bhíonn suanach le fada, rud is siocair le cnámha laga, cuislí calctha agus comharthaí sóirt eile na seanaoise.

Féach freisin

Tagairtí

  1. Brian K. Kennedy et al (2014-11-06). "Aging: a common driver of chronic diseases and a target for novel interventions". Cell 159 (4): 709–713. doi:10.1016/j.cell.2014.10.039. ISSN 0092-8674. PMID 25417146. PMC:4852871. 
  2. i mBéarla, senescence
  3. Smadent.com (2021). "Age Calculator". Smadent 2 (1). Dáta rochtana: Feb 12, 2021. 
  4. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  5. Maitiú Ó Coimín (27 Iúil 2016). "Géin ‘Tír na nÓg’ in ann moill a chur ar an tseanaois" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-27.
  6. "Homeobox protein NANOG" (as en) (2024-01-21). Wikipedia.