Arbatráiste
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/14/Statistical_Arbitrage_with_two_stocks.png/220px-Statistical_Arbitrage_with_two_stocks.png)
Aistriú neamh-amhantrach cistí ó mhargadh amháin go margadh eile is ea arbatráiste,[1] chun tairbhe a bhaint as difríochtaí i rátaí úis, i rátaí malairte, nó i bpraghsanna tráchtearraí idir dhá mhargadh.[2] Bíonn an t-aistriú neamh-amhantrach mar nach n-athróidh arbatráisteoir ó mhargadh amháin go margadh eile ach nuair is eol dó na rátaí nó na praghsanna sa dá mhargadh agus nuair is mó an brabús atá le déanamh ná costais na hoibríochta.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e4/Triangular-arbitrage.svg/220px-Triangular-arbitrage.svg.png)
Cineálacha éagsúla
Arbatráiste geografach
Cleachtas trádála lena gceannaítear earraí, urrúis nó airgeadra, srl i margadh geografach amháin chun é a dhíol i gceann eile áit a bhfuil praghas níos airde le fáil air.
Arbatráiste coinbhéirseach
Tá an t-arbatráisteoir ag súil le coinbhéirseacht sa mheán, nó cúlú ar an meán de ghnáth.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8a/Covered-interest-arbitrage.svg/220px-Covered-interest-arbitrage.svg.png)
Arbatráiste íoc is iompair
Straitéis trádála arbatráiste i margaí (tráchtearraí nó airgeadais de ghnáth) trína socraítear réamhphraghsanna agus praghsanna todhchaíochtaí a bheith cothrom leis an spotphraghas reatha móide na costais a bhaineann lena thabhairt ar aghaidh go dtí am seachadta.
Arbatráiste triantánach
Gníomhaíocht chun buntáiste a ghnóthú de bharr na difríochta i gcás nach ionann na praghsanna sa mhargadh agus an praghas ba chóir a bheith ann le cothromaíocht.[3]
Arbatráiste úis faoi chumhdach
Infheistíocht in urrús margaidh airgid eachtrannaigh agus réamhdhíol comhuaineach an airgeadra ina bhfuil an t-urrús sin ainmnithe.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0b/Contangobackwardation.png/220px-Contangobackwardation.png)
Arbatráiste rialála
Féach freisin
- Cúlú ar an meán
- Táille shiarchuir
- Arbatráiste triantánach
- Arbatráiste úis faoi chumhdach
- Arbatráiste íoc is iompair
Tagairtí
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): arbatráiste” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-12.
- ↑ ""arbatráiste"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-12-26.
- ↑ ""arbatráiste triantánach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-12-28.