Is ardeaglaisAnglacánach suite in Coventry í Ardeaglais Coventry. Is í an tríú ardeaglais Anglacánach in Coventry. Ba bheag nár scrios na Gearmánaigh an dara ceann sa Dara Cogadh Domhanda nuair a bhuamáil siad an chathair ar 14 Samhain 1940. An spuaic an t-aon chuid den ardeaglais a tháinig slán as. Tógadh an eaglais atá ann anois sna blianta 1956–1962. Tá an spuaic agus cuid de na seanbhallaí ina seasamh i gcónaí, taobh leis an eaglais nua.