Armónach gloine
Cineál | sets of friction vessels (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 133.2 |
Gairm ealaíonta | seinnteoir an armónaigh gloine |
Is uirlis cheoil déanta de ghloine an t-armonica, nó an t-armónach gloine.[1] Déanann an uirlis shimplí seo ceol nuair a ndéanann méar an cheoltóra teagmháil le ciumhais ghloine atá ag casadh.[2] Níl aon ghaol ag an armónach gloine leis an orgán bhéil.
Stair
D’airg Benjamin Fnanklin an t-armonica agus ba é an t-armonica gloine an t-aireagán ab ansa le Franklin. Síleann a lán cumadóirí, Beethoven agus Mozart ina measc, go bhfuil ceol an armonica go haoibhinn.
Éist
- Thomas Bloch, 2007 https://www.youtube.com/watch?v=_XPfoFZYso8
Tagairtí
- ↑ "Glass harmonica | musical instrument" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-04-17.
- ↑ COGG.ie. "Eureka". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-15. Dáta rochtana: 2020.