Art Deco
Téarma giorraithe ar an Exposition Internationale des Arts Décoratifs et Industriels Modernes (Taispeántas Idirnáisiúnta na Nua-Ealaíon Maisithe is Tionsclaíocha) a tharla i bPáras sa bhliain 1925 é Art Deco. Faoi seo ciallaíonn an téarma ealaíona maisithe na 1920idí-1930idí go ginearálta agus an stíl nua-aoiseach a bhain leo, meascán de Chiúbachas is Ealaín Nua, le dathanna callánacha is an sruthlíniú a bhaineann le haerárthaigh is gluaisteáin, a úsáideadh mar mhaisiúcháin ar earraí tí cosúil le taephotaí, raidiónna is troscáin.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Art Deco". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 49.