Is ceantar atá suite i Manchain Mhór é Ashton-under-Lyne. Áit fhliuch nárbh fhiú mórán a bhíodh ann. Ansin mar thoradh ar an Réabhlóid Thionsclaíoch, d'éirigh Ashton-under-Lyne ina bhaile muileann, an lár de líonra canálacha agus bóithre iarainn. Bhí 45,198 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2011.