Astú tánaisteach
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/ac/Electron_avalanche.gif/250px-Electron_avalanche.gif)
Astú leictreon ó dhromchla ábhair mar thoradh ar a thuairgneáil le leictreoin. Bíonn speictream fuinnimh ag na leictreoin astaithe suas go dtí fuinneamh na leictreon ionsaitheach. Astaíonn miotail níos lú leictreon tánaisteach ná mar a dhéanann inslitheoirí. Baintear feidhm as an bhfeiniméan seo i bhfóta-iolraitheoirí.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Astú tánaisteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 52.