Bósón
Rangú | quantum particle (en) |
---|---|
idirghníomhaíochtaí | imtharraingt |
Frithcháithnín | bósón |
Guairne | 1 |
Forshiméadracht | bosino (en) |
Eapainm | Satyendra Nath Bose |
Is é is bósón ann ná cáithnín fo-adamhach a bhfuil guairne shlánuimhreach (i.e. 0, 1, 2, 3 srl) aige. Samplaí de bhósóin is ea an fótón, núicléas héiliam-4, agus an W agus an Z (na bósóin veicteora a tharchuireann an fórsa lag). I gcodarsnacht leis na feirmíóin, ní chloíonn na bósóin le prionsabal an eisiaimh, agus mar sin is féidir le dhá bhósón a bheith sa staid chandamach chéanna ar aon uain.
Cé gur minicí a úsáidtear an téarma bósón ag tagairt do cháithnín fo-adamhach, ní gá go bhfuil an cáithnín níos lú ná adamh i bhfírinne. Tugtar bósón ar núicléas nó ar adamh fiú go bhfuil guairne shlánuimhreach aige.
Maidir le buncháithníní fo-adamhacha, is bósóin iad na cáithníní go léir a tharchuireann fórsaí ar nós an leictreamhaighnéadais, an t-idirghníomhú láidir, agus an t-idirghníomhú lag. Is as feirmíóin a dheántar adaimh agus núicléis.