BASIC
![]() | |
Cineál | teanga ríomhchlárúcháin, non-structured programming language (en) ![]() ![]() |
---|---|
Dáta cruthaithe | 1964 ![]() |
Dearthóir | John George Kemeny ![]() |
Forbróir | Thomas Eugene Kurtz, John George Kemeny agus Mary Kenneth Keller ![]() |
Paraidím ríomhchlárúcháin | non-structured programming (en) ![]() ![]() |
Faoi thionchar | FORTRAN, FORTRAN II (en) ![]() ![]() |
Iarmhír chomhadainm | bas ![]() |
Clib Stack Exchange | nasc ![]() |
Teanga ardleibhéil ríomhchláraithe a forbraíodh i gColáiste Dartmouth sna Stáit Aontaithe i ndeireadh na 1950idí is ea BASIC (Beginner's All-purpose Symbolic Instruction Code Gaeilge: Cód Siombalach Uilefhóinteach Treoracha do Thosaitheoirí). Mar bhuntáiste aici go bhfuil sí éasca le foghlaim is le cur i bhfeidhm. Glacadh léi le fada mar theanga chaighdeánach i ríomhairí pearsanta, agus forbraíodh canúintí ar leith i gcomhair feidhmeanna is ríomhairí ar leith. Le blianta anuas tá an teanga C tar éis an phríomháit a ghabháil mar theanga ardleibhéil na ríomhchláraitheoirí i gcomhair ríomhairí pearsanta. Ach soláthraíonn comhlacht Microsoft canúint den 4ú glúin, Visual Basic, chun gur féidir le húsáideoirí a bhfeidhmeanna féin a ríomhchlárú.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cód Siombalach Uilefhóinteach Treoracha do Thosaitheoirí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 153.