Bainne cíche
Foinse | Homo sapiens |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | bainne agus bia |
Táirge na faireoige mamaí i ndaoine is mamaigh eile is ea bainne cíche. Athraíonn a chomhdhéanamh le linn an leachta, agus fiú le linn béile an naíonáin.
Bíonn bainne daonna lán d'antasubstaintí táil (glóbailin imdhíonachta A) is fachtóirí frithmhiocróbacha. Bíonn an t-iarann ann i bhfoirm an-ionsúite. Fanann a chaighdeán mar an gcéanna den chuid is mó an t-am ar fad, fiú má bhíonn athruithe móra in aiste bia na máthar.
Glactar leis go forleathan gur fearr go mór é mar aonchothú don naíonán sa chéad ráithe nó mar sin dá bheatha.[1][2]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bainne cíche". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 59.
- ↑ hse.ie (2017). "Cén difríocht a dhéanfaidh beathú cíche?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-26. Dáta rochtana: 2022.