Ball broinne
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/42/Gorbatschow_DR-Forum_129_b2.jpg/200px-Gorbatschow_DR-Forum_129_b2.jpg)
Smál ar an gcraiceann ag breith an naíonáin. Ainmneacha eile air is ea ball dobhráin nó comhartha cille. Bíonn dhá phríomhchúis lena leithéid: bailiúchán meilinicítí (cealla líocha an chraicinn) a mbíonn dath éigin idir donn éadrom is dubh air, nó méadú éadrom na bhfuileadán is na soitheach limfe (smál pórtfhíona is marc sú talún na cineálacha is coitianta).[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ball broinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 60.