Banc Iosrael
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banc ceannais corparáid reachtúil |
Stair | |
Téann in áit | Bank Leumi Le- Israel B.m. (en) |
Dáta a bunaíodh | 1954 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Amir Yaron (2018–) |
Governor of the Bank of Israel (en) | Amir Yaron |
Suíomh gréasáin | boi.org.il |
Banc ceannais Iosrael is ea Banc Iosrael (Eabhrais: בנק ישראל Araibis: بنك إسرائيل) atá suite i Kiryat HaMemshala i Iarúsailéim, le hoifig brainse i dTel Aviv.
Stair
Nuair a dearbhaíodh neamhspleáchas Iosrael sa bhliain 1948, bhí an chumhacht le haghaidh nótaí a eisiúint ag an Banc Angla-Palaistíneach, a bhí athfhódaithe mar an Banc Leumi sa bhliain 1950. Bhí beartas airgeadaíochta agus maoirseacht bhaincéireachta fós á rialú ag an Aireacht Airgeadais.
Bunaíodh Banc Iosrael ar 24 Lúnasa, 1954, nuair a rith an Knesset Acht Bhanc Iosrael, a thug eisiúint airgeadra agus feidhmeanna rialála ón Aireacht Airgeadais chun an Bhainc nuabhunaithe.
Níor thugadh rialú ar mhalartú airgeadra eachtrach don bhanc go dtí 1978. Rinneadh an Banc iomlán neamhspleách sa bhliain 1985 agus ón bhliain 1992, bainistíonn an Banc a bheartas airgeadaíochta chun freastal ar an sprioc boilscithe a bhíonn leagtha síos ag rialtas Iosrael - sé sin, i raon idir 1 agus 3 faoin gcéad in aghaidh na bliana, a meastar mar cobhsaíocht praghsanna. Ina theannta sin, bainistíonn an Banc na Cúlchistí Malairte Eachtraí.
Tá Amir Yaron i gceannas ar an mbanc ón mbliain 2018 i leith.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
- Banc na Iosrael Curtha i gcartlann 2012-11-14 ar an Wayback Machine