Barbatúráit
![]() | |
Sonraí cliniciúla | |
---|---|
Grúpa cógaseolaíochta | pirimidín |
Is éard is barbatúráit[1] ann ná druga a dhíorthaítear ón aigéad barbatúrach, a ullmhaíodh den chéad uair ar Lá Fhéile Bhairbre 1863, deirtear. Tugadh barbatón isteach sa mhíochaine i 1903, agus féanabarbatón i 1912.
Tá suas le 50 barbatúráit a úsáideadh uair éigin mar shuaimhneasáin, piollairí codlata, agus drugaí frith-thitimeacha. Ar an drochuair, de réir mar a thógtar iad méadaíonn acmhainn duine orthu, agus ní mór an dáileog a mhéadú le feabhas a fháil, ach tá siad nimhiúil i ndáileoga móra, agus cuirtear andúil iontu.
Faoi seo tá beansóidiasaipín curtha ina n-ionad mar shuaimhneasán is piollaire codlata níos sábháilte.
Andúiligh
Shlog Marcel Proust siar barbatúráití i ndeireadh a shaoil.[2][3]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): barbatúráit” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-22.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Barbatúráití". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 63.
- ↑ Senioractu.com. "Asthme et littérature : quand la maladie s'invite au sein d'une oeuvre... Par le Pr. Jean-Pierre Orlando" (fr). Senioractu.com : le magazine des seniors. Dáta rochtana: 2022-11-17.