Beach meala
Apis | |
---|---|
Apis mellifera | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | mil agus apitoxin (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Hymenoptera |
Fine | Apidae |
Fofhine | Apinae |
Géineas | Apis Linnaeus, 1758 |
Is feithid eitilte é an bheach meala, nó bheach Eorpach, ó ghéineas Apis, atá dúchasach d'Eoráise. Cruthaíonn sí sochaí ilbhliantúil le máthair áil amháin, na céadta ladrann agus 50,000-80,000 beach oibre. Beireann máthair an áil suas le 3,000 ubh, ceann in aghaidh gach cill chéarach sa chíor meala. Toirchíonn na ladrainn máithreacha nua le linn a n-eitiltí pósta. Tóraíonn na beacha oibre foráiste, glanann an choirceog, tugann bia do na larbhaí, agus déanann gach gnó eile is gá. Ní dhéanann coilíneachtaí geimhriú ach maireann tríd an ngeimhreadh ar mhil is pailin stóráilte.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Beach meala". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 66.