Beagóinia
Begonia ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Cucurbitales |
Fine | Begoniaceae |
Géineas | Begonia ![]() L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Begonia obliqua ![]() |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Michel Bégon ![]() |
Planda ilbhliantúil tiúbrach nó riosómach, uaireanta tom nó dreapaire, atá dúchasach do réigiúin theo, Meiriceá go príomha. Na duilleoga neamhshiméadrach, taobh amháin níos mó ná an taobh eile, go minic le spotaí nó marcanna bána nó dearga. Na bláthanna fireanna le dhá pheiteal mhóra is dhá pheiteal bheaga, na bláthanna baineanna le 4-5 pheiteal sa bhreis air sin. Capsúl eiteach is ea an toradh. Uaireanta tugtar cluas eilifinte air mar gheall ar chruth na nduilleog. Atáirgeann sé go héasca ó ghearrthóga duilleog leagtha ar ithir thais, agus úsáidtear an teicníocht seo go forleathan sa ghairneoireacht. Fástar an-chuid speiceas mar mhaisiúchán.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Beagóinia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 67.