Binn Éadair
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Howth (en) Binn Éadair (ga) ![]() | ||||
![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Contae riaracháin áitiúil | Fine Gall ![]() | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 8,706 (2002) ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 171 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 17540 |

Sráidbhaile cois farraige ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath í Binn Éadair.[1] Tá an chuid is mó den bhaile suite ar leithinis i gCuan Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Ceann Bhinn Éadair. Cuid de Fine Gall atá ann. Dar le daonáireamh 2016, bhí 8,277 duine ina gcónaí ann.
Tá calafort iascaireachta agus seoltóireachta ann.

Tíreolaíocht
Tá Binn Éadair suite 13 ciliméadar (8.1 míle) soir ó thuaidh ón ardchathair. Tá an sráidbhaile féin lonnaithe ar an bpointe den leithinis is faide ó thuaidh. Níl ach baile amháin eile in aice leis - mar atá, Cill Fhionntáin.

Stair
Tá caisleán de chuid an 15ú haois ann agus tuama réamhstairiúil a dtugtar Uaigh Aoidín air.

Tugadh 900 gunna isteach anseo chun na hÓglaigh a armáil i mí Iúil 1914.
Tagairtí
- ↑ “Binn Éadair/Howth | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-10.