Bleachtán
Sonchus | |
---|---|
bleachtán mín | |
Planda | |
Cineál an toraidh | aicéin |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asterales |
Fine | Asteraceae |
Fofhine | Cichorioideae |
Géineas | Sonchus L., 1753 |
Cuimsíonn sé plandaí éagsúla sa ghéineas Sonchus, cuid acu bliantúil, cuid eile ilbhliantúil (Béarla: sow thistle).[1] Dúchasach don Eoraip, an Áise is an Afraic. Úscann an gas laitéis bhán nuair a bhristear é. Na duilleoga go minic le himill spíonacha, na gasduilleoga ag fáisceadh an ghais le dhá liopa chruinne, cosúil le cluasa, ag a mbun. An bláthcheann mór buí, cosúil le caisearbhán. Ní fíorfheochadán é, mar bíonn spíonta an fheochadáin níos righne géire.[2]
Samplaí
- Sonchus arvensis — bleachtán léana
- Sonchus asper — bleachtán colgach
- Sonchus oleraceus — bleachtán mín nó bleachtfheochadán
Tagairtí
- ↑ ““Sonchus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Slóchtán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 607.