Brugh
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/17/Broch_of_Mousa_-_geograph.org.uk_-_2800.jpg/250px-Broch_of_Mousa_-_geograph.org.uk_-_2800.jpg)
Brugh is ea struchtúr de chuid na hIarannaoise, déanta de chlocha-shingile, chuas-mhúrtha, den chineál a bhíonn ar fáil in Albain amháin. Ní úsáidtear moirtéal ina ndearadh. Tugtar an t-aicmiú teach cruinn coimpléacsúil Atlantach orthu (Béarla: complex atlantic roundhouse); arna cheapadh ag seandálaithe na hAlban sna 1980í. Is iad an struchtúr réamhstairiúil is airde sa Bhreatain iad[1]Is ábhar conspóideach é a mbunadh.
Dáileadh
Tá brugha cáiliúla i:
- Mousa, Inse Shealtainn
- Liúrabhaig, áit a bhfuil Brugh Clickimin
- Cárlabhagh, Na hOileáin Siar, áit a bhfuil Dún Chárlabhagh suite
- Gleann Eilg, áit a bhfuil Dún Teilbh agus Dún Trodan
- Balla, Tiriodh, áit a bhfuil an Dún Mór
- Críochan na hAlban, áit a bhfuil Edin's Hall Broch, Torwoodlee Broch agus Bow Castle Broch.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2e/Map-brochs.png/170px-Map-brochs.png)
Tagairtí
- ↑ "Brochs, the tallest prehistoric structures in Britain" (en-GB). Historic UK. Dáta rochtana: 2021-07-29.