Bultúr
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/42/Gyps_fulvus_-_01.jpg/220px-Gyps_fulvus_-_01.jpg)
Éan creiche atá oiriúnaithe chun splíonach a ithe is ea an bultúr nó badhbh. Gan cleití fada ar a ceann is gan aon bholadh uaithi. Tá badhbh an tSeandomhain in éabhlóid le 20 milliún bliain. Bhíodh sí ar fud an Domhain, ach anois níl sa Domhan Úr. Badhbh an Domhain Nua a bhíodh ar fud an Domhain tráth, níl sé ach i Meiriceá Thuaidh, Láir is Theas anois.[1]
Ní grúpa tacsanomaíochta na bultúir; rangaítear bultúir an Domhain Nua (7 speiceas) san fhine Cathartidae, ach rangaítear bultúir an tSeandomhain (16 speiceas) san fhine Accipitridae, in éindí leis na hiolair, clamháin, seabhaic, srl.
Speicis roghnaithe
- Bultúir an tSeandomhain
- Bultúr luaithriúíl — Aegypius monachus
- Bultúr meigeallach — Gypaetus barbatus
- Bultúr uan — Gypaetus barbatus
- Bultúr droimgheal oirthearach — Gyps bengalensis
- Bultúr gríofa (Eoráiseach) nó badhbh ghríofa — Gyps fulvus
- Bultúr gobchaol — Gyps tenuirostris
- Bultúr Éigipteach — Neophron percnopterus
- Bultúr ceannann — Trigonoceps occipitalis
- Bultúir an Domhain Nua
- Bultúr turcach — Cathartes aura
- Condar na nAindéas — Vultur gryphus
- Ríbhultúr — Sarcoramphus papa
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Badhbh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 58.