Córas deachúlach Dewey

Is córas dílsithe rangaithe leabharlainne é córas deachúlach Dewey, forbartha ag Melvil Dewey sa bhliain 1876. Ó shin i leith, bhí sé athraithe agus leathnaithe go mór, le 22 leasú mór, an ceann is déanaí sa bhliain 2011.

Eagraíonn an córas seo leabhair leabharlainne i seilfeanna ar leith agus in ord sainiúil agus in-athdhéanta a dhéanann sé éasca leabhar ar bith a aimsiú agus/nó a chur ar ais san áit cheart.

Tá deich bpríomhchatagóir nó rang i gCóras Dewey, gach ceann díobh roinnte i ndeich bhfochatagóir, agus deich bhforoinn ag gach ceann acu siúd.

  • 000 – Ginearálta, Eolaíocht Ríomhaireachta, Eolas agus Gnáth Oibreacha
  • 100 – Fealsúnacht agus Siceolaíocht
  • 200 – Reiligiún
  • 300 – Eolaíocht Shóisialta
  • 400 – Teangacha
  • 500 – Eolaíocht (matamaitic san áireamh)
  • 600 – Teicneolaíocht
  • 700 – Na hEalaíona agus Áineas
  • 800 – Litríocht
  • 900 – Stair, Tíreolaíocht agus Beathaisnéis