Cabhánú
Foirm fiuchta áitiúil i leacht, ina dtarlaíonn íslithe drámata tobanna brú a chuireann tús le boilgíní beaga gáis/gaile. Is féidir go dtarlóidh cabhánú ag cúlfhaobhar lann lián loinge agus i leachtanna faoi fhuaimthonnta an-diana. Uaireanta déanann an cabhánú damáiste suntasach don lián loinge agus struchtúir eile.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cabhánú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 102.