Cabhair imtharraingthe
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/53/Voyager_Path.svg/225px-Voyager_Path.svg.png)
An luas breise a fhaigheann spásárthach nuair a thrasnaíonn gar do phláinéad. Trí aimsiú cruinn, is féidir an iarmhairt a úsáid chun an spásárthach a luasghéarú agus ruthag nua a bhaint amach nach féidir a dhéanamh leis an mbunlainseáil. Baineadh feidhm as an iarmhairt chun Mariner 10 a chasadh i dtreo Mhearcair, Pioneer 11 a chur i dtreo Satairn, Voyager a shraonadh thar Iúpatar, VEGA a dhíriú go Cóiméad Halley, agus cabhrú le haistir Galileo is Cassini-Huygens go hIúpatar is Satarn agus le haistir Rosetta faoi seach. Leanfaidh sí mar uirlis thábhachtach i dtreorú spásárthach amach anseo.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cabhair imtharraingthe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 102.