Caipín buailte
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/11/Booth_deringer.jpg/250px-Booth_deringer.jpg)
Is éard is caipín buailte[1] ann ná soitheach beag le lucht pléascach, forbairt i dteicneolaíocht na n-arm sa 19ú céad. Le titim casúir, adhantar an caipín agus madhmann sé sin an príomhlucht tiomántáin sa chartús. Ba chéim bhunúsach í i bhforbairt na mionarm nua-aoiseach le cartúis agus caipín buailte i lár an bhoinn.[2]
Tagairtí
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): caipín buailte” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-08.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Caipín buailte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 106.