Calóga arbhair
![]() | |
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Dáta cruthaithe | 1895 |
Aireagóir | John Harvey Kellogg agus Will Keith Kellogg |
Sonraí | |
Cineál | gránach bricfeasta, calóga arbhair agus food preserve (en) ![]() |
Príomh-chomhábhair | arbhar Indiach, braich, vitimín agus mianra |
Is gránach a itear ar maidin de ghnáth iad calóga arbhair. Doirtear isteach i gcuach iad, doirtear bainne nó iógart anuas orthu agus itear le spúnóg iad. Tá dath buí orthu agus tá siad briosc. Rinne Kelloggs ar dtús iad ag deireadh an naoú aois déag.
Déantar as grán buí iad. Itear go forleathan iad mar chuid na maidine. Is féidir torthaí amhail sútha craobh, sútha talún, banana agus araile a ithe leo freisin.
Conspóidí
I Nollaig 2017, dúirt an comhlacht Kelloggs go mbeadh siad chun gearradh siar ar an méid siúcra a chuireann siad lena mbricfeastaí gránacha[1].
Tagairtí
- ↑ Eleathanach, 4 Nollaig 2017