Cammag
![]() | |
Cineál | spórt foirne |
---|---|
Tír dhúchais | Oileán Mhanann |
Cammag is ainm don chluiche iománaíochta a imrítear i Manainn, cluiche a bhfuil cosúlachtaí go leor aige le hiomáint na hÉireann agus le camanachd na hAlban. Murab ionann agus spóirt na hÉireann agus na hAlban, luaitear an cluiche go sonrach leis an Nollaig i Manainn. Sa lá atá inniu ann imrítear cluiche mór cammag ar Pháirc an Tinvaal in Balley Keeill Eoin Lá an Dreoilín gach uile bhliain. Tugann foireann Thuaisceart an oileáin agus foireann Dheisceart an oileáin aghaidh ar a chéile amach roimh Shéipéal Eoin sa bhaile beag i lár an oileáin. Tosaíonn an cluiche ag a dó a chlog agus maireann sé uair an chloig agus é roinnte ina thrí chuid.[1]
Níl na rialacha chomh cinnte céanna is atá i gcód imeartha Chumann Lúthchleas Gael ná Comann na Camanachd agus d’fhéadfadh breis agus leathchéad duine – idir fhir agus mhná – a bheith ar an bpáirc imeartha. Go deimhin, tá tagairtí ann do chluichí ina raibh suas le dhá chéad imreoir.
Meastar gur manaigh as Éirinn a thug an cluiche anonn go Manainn sa chúigiú haois, cé nach bhfuil fianaise i scríbhinn ann den chluiche go dtí 1760. Tugadh ceathrar os comhair na cúirte an bhliain sin mar gheall go raibh cluiche cammag á imirt acu Lá na Sabóide.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Maitiú Ó Coimín. "Teanga agus spórt Gaelach Mhanann á gceiliúradh ar bhonn nua".