Caochneantóg
Lamium | |
---|---|
caochneantóg chirce | |
Planda | |
Cineál an toraidh | nucule (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Lamiaceae |
Fofhine | Lamioideae |
Géineas | Lamium L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Lamium purpureum |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Lamia |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Is planda bliantúil nó ilbhliantúil í an chaochneantóg[1] (géineas Lamium) a fhaightear beagnach gach áit ach amháin sna trópaicí. An gas cearnach, na duilleoga roctha i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna déliopach is an liopa uachtarach faoi chochall, i bhfáinní ag na nóid. Pailnithe ag beacha den chuid is mó. Fástar cuid mhaith díobh le bláthanna móra nó ildaite mar mhaisiúchán. Is fiailí coiteanna cuid eile acu, ina measc an chaochneantóg bhán ilbhliantúil le bláth bán, is an chaochneantóg chorcra bhliantúil le bláth bándearg/corcra. Nuair nach bhfuil sí i mbláth bíonn an chaochneantóg bhán cosúil le fíorneantóg, ach gan ribí loiscneacha: is ar an ábhar sin a tugadh an t-ainm uirthi.[2]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ ““Lamium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Caochneantóg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.