Carl Correns

Luibheolaí a rugadh i München na Gearmáine ab ea Carl Franz Joseph Erich Correns (10 Meán Fómhair 1864 – 14 Feabhra 1933). Tháinig sé ar thorthaí Mendel ar phrionsabail an dúchais a bhí ligthe i ndearmad, chinntigh iad lena thaighde féin, agus chuir os comhair an phobail eolaíochta athuair iad.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Karl Franz Joseph Erich Correns". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 174.