Carraig dhoigheartha
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a1/IndianGranite.jpg/250px-IndianGranite.jpg)
Cruthaithe trí reo is criostalú magma a thosaigh taobh istigh de screamh an Domhain nó faoina bhun. Tagann dhá rangú san áireamh. Maidir le comhdhéanamh ceimiceach, tá carraigeacha aigéadacha le níos mó ná 66% silice (SiO2), carraigeacha bunata le níos lú ná 55% silice, agus carraigeacha meánacha. Maidir le méid na gcriostal sa struchtúr is a modh tarlaithe, tá carraigeacha plútónacha, cosúil le heibhear, atá garbhghráinníneach is a cruthaíodh go domhain sa Domhan, tá carraigeacha bolcánacha a cruthaíodh i screamh an Domhain is iad mínghráinneach, cosúil le basalt, agus tá carraigeacha hiopdhuibheagánta a cruthaíodh ag doimhneacht thanaí, cosúil le dolairít.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Carraig dhoigheartha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 118.