Chris Christie
(2011) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Christopher James Christie 6 Meán Fómhair 1962 61 bliana d'aois Newark, New Jersey, New Jersey |
55 Gobharnóir New Jersey | |
19 Eanáir 2010 – 16 Eanáir 2018 ← Jon Corzine – Phil Murphy → | |
United States Attorney for the District of New Jersey (en) | |
17 Eanáir 2002 – 1 Nollaig 2008 | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Delaware Ollscoil Seton Hall Seton Hall University School of Law (en) Ardscoil Livingston |
Céim acadúil | Baitsiléir Ealaíon dochtúireacht sa dlí-eolaíocht |
Áit chónaithe | Mendham Township (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Lámhcheannas | Deasógacht |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Polaitíocht |
Suíomh oibre | Trenton, New Jersey |
Gairm | dlíodóir, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach |
Teangacha | Béarla |
Ghlac sé/sí páirt i | |
Ice Bucket Challenge (en) | |
Teaghlach | |
Céile | Mary Pat Christie (1986–) |
Athair | Bill Christie |
Croineolaíocht | |
Chris Christie presidential campaign, 2016 (en) | |
Governorship of Chris Christie (en) | |
Suíomh gréasáin | chrischristie.com |
|
Gobharnóir New Jersey sna Stáit Aontaithe ab ea Christopher James “Chris” Christie (a rugadh ar 6 Meán Fómhair 1962 i Newark, New Jersey). Ba é an 55ú gobharnóir é i stair an stáit úd. Toghadh é i Samhain na bliana 2009. Is ball den Pháirtí Poblachtach é. Tháinig sé i gcomharbas ar Jon Corzine, an 54ú gobharnóir agus ball den Pháirtí Daonlathach. Sular toghadh mar ghobharnóir é, d’oibrigh Christie mar Aturnae na Stát Aontaithe do Dhúiche New Jersey. Ar 16 Eanáir tháinig Doug Phillips den Pháirtí Daonalathach i gcomharbacht air mar ghobharnóir.
Is de shliocht measctha Éireannach Sicileach é Christie. Tógadh i Livingston, fo-bhaile compordach siar ó Newark é. Bhain sé céimeanna amach ó Ardscoil Livingston, Ollscoil Delaware (Baitsiléir Ealaíne san eolaíocht pholaitiúil, 1984) agus Scoil Dlí Ollscoil Seton Hall (Juris Doctor, 1987). Glaodh chun Barra New Jersey é sa bhliain 1987 agus chun Barra Chúirt Dhúiche na Stát Aontaithe sa bhliain chéanna.
Sa bhliain 1986, phós Christie Mary Pat Foster, a casadh air nuair a bhí siad ina mic léinn ag Ollscoil Delaware. Chuaigh sí seo leis an infheistíocht bhaincéireachta agus í ag obair don ghnólacht Wall Street úd Cantor Fitzgerald. D’éirigh sí as an bpost sin i ndiaidh ionsaithe 9/11 (chaill Cantor Fitzgerald níos mó dá chuid fostaithe sna hionsaithe úd ná aon chomhlacht eile.) Tá ceathrar páistí acu. I Mendham Township, New Jersey atá siad ina gcónaí, in áit Drumthwacket, teach oifigiúil an ghobharnóra i bPrinceton.
Tá tuairimí coimeádacha ag Chris Christie, agus lena chois sin modh oibre diongbháilte agus bealach cainte atá borb dar lena lán. Lochtaíonn sé an ionsaitheacht sa pholaitíocht, áfach. Tá Christie ag tarraingt éisteacht nach beag chuige féin ó cheann ceann na tíre le tamall anuas agus bhí iomrá leis mar iarrthóir Poblachtach d'uachtaránacht na tíre. Ar 11 Deireadh Fómhair 2011, thug Christie tacaíocht do Mitt Romney sa rás don uachtaránacht.[1] Bhí sé gníomhach i bhfeachtas Donald Trump sa bhliain 2016 agus é seo ar lorg uachtaránacht na tíre.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ http://www.foxnews.com/politics/2011/10/11/christie-to-endorse-romney-for-president/ "Christie Endorses Romney Ahead of GOP Debate", Fox News