Ciste Domhanda Fiadhúlra
Eagraíocht dheonach idirnáisiúnta a bunaíodh i 1961 é an Ciste Domhanda Fiadhúlra (Béarla: World Wide Fund for Nature nó WWF), a phríomhoifig san Eilvéis. Tá mar aidhm aige eolas a scaipeadh chun ainmhithe fiáine, plandaí is áiteanna atá i mbaol a chaomhnú, agus úsáid níos éifeachtaí inmharthanaí a bhaint as acmhainní nádúrtha an Domhain. Is é Ciste Fiadhúlra an Domhain (CFD) an t-eagras caomhnaithe dúlra is mó ar domhan agus tá ioncam de $200 milliún in aghaidh na bliana.
Feachtais
Tá an Ciste gníomhach i dtimpeall 100 tír. Tá cur amach ag beagnach gach duine ar CFD mar gheall ar a lógó so-aitheanta, an panda. D'eagraigh an Ciste feachtais chun an tíogar, an goraille is an panda a shábháil.
Stair

Bunaíodh Ciste Fiadhúlra an Domhain ar an 11 Meán Fómhair 1961 i ndiaidh do Sir Julian Huxley sraith alt a scríobh sa nuachtán *The Observer *inar mhaígh sé go raibh fiadhúlra na hAfraice go mór i mbaol. Chuir Huxley an milleán go príomha ar fhorbairt dhaonna na nAfracach. Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD[1], ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil.

Ceapadh Prionsa Bernhard na hÍsiltíre mar chéad uachtarán ar CFD sa bhliain 1961. B’éigean do Bernhard eirí as a cheapachán mar uachtarán ar CFD sa bhliain 1976 nuair a nochtadh le linn éisteachta de chuid Sheanad na Stát Aontaithe gur iarr sé $1 milliún ar Lockheed ina chúiteamh sin go dtabharfaí conradh don chomhlacht aerárthaigh throdaíochta a dhíol leis an Ollainn.
Ceapadh Prionsa Philip na Breataine mar uachtarán ar CFD ina dhiaidh sin.

Ag deireadh na n-1980idí, ghlac CFD páirt in oibríocht rúnda – Operation Lock – inar earcaigh an t-eagras saighdiúirí tuarastail de chuid KAS Enterprises. Ceaptar go forleathan nach raibh in KAS – ar le bunaitheoir an SAS, Sir David Stirling, é – ach scáth folaigh ar M16. Ar aon chuma, bhí KAS le traenáil a chur ar aonad frithphóitseála sna tíortha timpeall na hAfraice Theas. Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta, áfach, nuair a tháinig sé chun solais gur baill den ANC a bhí i go leor de na póitseálaithe a maraíodh.
Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú.[2]
Tagairtí
- ↑ Beo, "Rúin ghránna chaomhnóirí an fhiadhúlra", 2008 http://www.beo.ie/alt-ruin-ghranna-chaomhnoiri-an-fhiadhulra.aspx
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ciste Domhanda Fiadhúlra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 140.