Clamhán (planda)
Cuscuta ![]() | |
---|---|
![]() Cuscuta europaea ![]() | |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Solanales |
Fine | Convolvulaceae |
Géineas | Cuscuta ![]() L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Cuscuta europaea ![]() |
Planda seadánach bliantúil, laghdaithe go dtí gas scothdhearg cosúil le snáithe, ag iompar crobhaingí bláthanna bídeacha bána nó bándearga, is ea clamhán.[1] Dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha. Táirgeann an síol ginidithe fréamh ghearrshaolach is gas féithleannach a chuardaíonn óstach. Nuair a dhéanann sé tadhall leis an óstach, meathann an fhréamh mar nach mbíonn gá le tadhall leis an ithir ansin. Táirgeann an gas diúláin a threánn an t-óstach chun uisce is cothaithigh a shú amach. Feidhmíonn cuid mhaith plandaí mar óstaigh, ina measc barrphlandaí cosúil le leannlus is lion. Is féidir go ndéanfaidh an seadán seo an-damáiste costasach do na barra seo.[2]
Tagairtí
- ↑ ““Cuscuta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Clamhán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.