Cleimeatas
Clematis | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Ranunculaceae |
Fofhine | Ranunculoideae |
Géineas | Clematis L., 1753 |
Is ball de ghné plandaí adhmadacha dreaptha atá dúchasach do na réigiúin mheasartha é cleimeatas[1][2] (géineas Clematis). Na gais ramhar, cosúil le liana uaireanta. Na duilleoga cleiteach, taobh thíos an ghais íogair, ag feidhmiú mar theannóg, agus ag lúbadh thart ar thacaí nuair a dhéanann tadhall leo. Na bláthanna le 4 pheiteal/ iombhláth-theascán; na stíleanna fada clúmhach ag cabhrú i scaipeadh na síolta ag an ngaoth, ag cur cuma bhán liath ar na síolchinn. Bíonn bláthanna gealdaite ag an-chuid de na foirmeacha a shaothraítear i ngairdíní.[3]
Tagairtí
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cleimeatas” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-02-01.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “clematis — Aistriúchán Gaeilge ar clematis (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-02-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cleiméatas (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 143.