Cnoc na gCaiseal
Cnoc na gCaiseal | ||||
---|---|---|---|---|
Knocknagoshel (en) Cnoc na gCaiseal (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chiarraí | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 721 (2006) | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Sráidbhaile in iardheisceart na hÉireann is ea Cnoc na gCaiseal. Tá an sráidbhaile suite i dtuaisceart Chiarraí. Bhí 721 duine ina gcónaí i gCnoc na gCaiseal sa bhliain 2006.[1]
Bailte fearainn
- Athán [Ahane i mBéarla)]
- Athán Buí (Ahaneboy)
- Baile an Aitinn [Ballinattin]
- Barr an Earraigh [Baranarig]
- Baile na hAbhann [Ballinahown]
- Baile Bán [Ballybawn]
- Baile Dubh [Ballyduff]
- Baile na Ceártan [Ballinacartin]
- Beithíneach [Beheenaugh]
- An Bruachán [[Broughane]
- Buaile [Boula]
- Bun a' Bhaile
- Clais na gCuach [Clashnagough]
- Cnoc Breac [Knockbrack]
- Cnoc an Ridire [Knights Mountain]
- Cnoicín Cruinn [Knockeencreen]
- Cnoc na gCaiseal Thiar [Knocknagoshel West]
- Cnoc na gCaiseal Thoir [Knocknagoshel East]
- Cumar [Cummer]
- Féith Bháite [Fevata]
- Gort Rua [Gortroe]
- Leacht Bhruadair [Loughfouder]
- Mín [Mein]
- Mín na hAille [Meenahilla]
- Mínleatroim [Meinleitrim]
- Moing an Fhéir [Muinganaire]
- Raithíneach [Ragheenagh]
- Scairt [Scart]
- Tuaírín Ard [Toureenard]
- Tuaírín Mór [Tooreenmore]
- Tuaírín na nGamhan (Tooreenagown).
Peil
Bunaíodh cumann peile Chnoc na gCaiseal sa bhliain 1932. D'imir Jack McElligott, Eddie Walsh, Eddie Roche, Seán O Connor, Seán McElligott, Jack O Connell, Éamonn Walsh agus Mike Brosnan le foireann Chiarraí. D'imir Bertie agus Jack Murphy le hÁth Cliath (agus Cúige Laighean), John Fitzgerald le Cill Dara, Tim O Connor le Loch Garman agus Denis Roche le Tiobraid Árann.