Cogadh Iosrael-Gaza
Rinne na míleataigh Palaistíneacha Hamas ionsaí mór, gan choinne, ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair 2023.[1][2] Mar fhrithbheart, d’fhógair rialtas Iosrael cogadh ar "Hamas", agus léigear iomlán ar Stráice Gaza.[3][4] Ar 28 Deireadh Fómhair, rinne Iosrael ionradh talún ar Gaza.[5][6] Ní raibh meas ná aird ag Iosrael ar an mbeatha, agus neamhshuim iomlán den dlí idirnáisiúnta, rud a tharraing conspóid.[7] Faoi dheireadh Nollaig 2023 bhí 70% de thithe Gaza scriosta ag buamaí Iosrael.[8]
Meastar anois gur thart ar 64,260 duine ar a laghad a mharaigh na hIosraelaigh in Gaza sa gcéad ocht mí dá gcogadh, Deireadh Fómhair 2023 - Meitheamh 2024, gan na mílte corp atá folaithe ag an smionagar a chomhaireamh, ná na daoine a bhfuil éalang fágtha orthu, ná na milliúin atá curtha ar an lár lom agus bainte as a greim. Mná, páistí óga agus seanóirí os cionn 65 bliain d'aois ab ea iad 59.1% díobh siúd a maraíodh [9][10].
As Eabhrais, tugtar תגובות בין-לאומיות למלחמת חרבות ברזל ar "Cogadh Iosrael-Gaza" nó "Cogadh na gclaimhte gan trua gan taise", agus fonn mallaithe díoltais ar Rialtas na hIosrael, rialtas i bhfad amach ar an eite dheis, agus rinne na Náisiúin Aontaithe cáineadh géar ar gach taobh.[11] Creidtear go forleathan gur cinedhíothú atá ar bun ag stáit Iosrael sa Phalaistín agus tar éis don Aifric Theas cás chinedhíothaithe a thabhairt in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, rialaigh an chúirt gurbh fhéidir gurbh ionann a bhfuil ar bun ag stáit Iosrael sa Phalaistín agus cinedhíothú [12].
Imeachtaí
Ionsaí ar Iosrael
Ar 7 Deireadh Fómhair, cuireadh tús leis an aighneas nuair a chuaigh óglaigh de chuid Hamas trasna na teorainn as Gaza agus rinne ionsaí gan choinne ar Iosrael. Thug lucht Hamas 'Oibríocht Dhíle d'al-Aqsa' (عملية طوفان الأقصى, ʿamaliyyat ṭūfān al-ʾAqṣā' in Araibís) air. Maítear gur mharaigh Hamas thart ar mhíle dhá chéad duine in Iosrael,[13] páistí agus seandaoine ina measc, ach tá amhras mór ann faoin maíomh seo agus fianaise ann a thacaíonn leis an maíomh gurbh iad airm Iosrael féin a mharaigh cuid mhaith den líon sin [13][14].
B'é Yahya Sinwar, thar aon duine eile in Hamas, a d'eagraigh an mórionsaí (bhí Ismail Haniyeh i mbun Hamas in 2023, agus ceapadh Sinwar ina cheannaire ar Hamas i mí Lúnasa 2024 tar éis do na hIosraelaigh Haniyeh a fheallmharú).
Dúirt 'Fórsaí Cosanta Iosrael' gur mharaigh siad níos mó ná míle cúig chéad de na míleataigh Hamas san ionsaí.[3]
Ionsaí ar Gaza
Thosaigh arm Iosrael ag bailiú taobh amuigh d'halla teorann Gaza ar 8 Deireadh Fómhair, agus iad ag ullmhú le hionsaí talún a dhéanamh. Ba ea 9 Deireadh Fómhair a thug Aire Cosanta Iosrael Yoav Gallant ordú go ndéanfaí léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ghearr siad soláthar bí, uisce, leictreachais, leighis, agus gach ní eile, mar chuid den léigear.[3]
Bhí ná mílte Palaistíneach maraithe taobh istigh de Gaza sna hionsaithe millteacha a rinne fórsaí Iosrael agus eachtraithe eile, mar shampla, pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza agus ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia.
Dúirt na Náisiúin Aontaithe arís is arís go raibh beatha leanaí in Gaza i mbaol de dheasca an díhiodráitithe, srl.[5]
Ar an 27 Deireadh Fómhair , thosaigh ionradh Iosrael ar Gaza i ndáiríre.[15]
Dar le Roinn Sláinte Gaza, bhí breis agus 30,000 Palaistíneach maraithe idir Deireadh Fómhair - Feabhra 2024. Bhí Stráice Gaza faoi léigear le linn an ama seo agus tharla gorta.[16][17]
Eachtraí
- Ruathair aeir ar champa teifeach Jabalia, 9 Deireadh Fómhair 2023
- Pléasc in Ospidéal Al-Ahli, Gaza, 17 Deireadh Fómhair 2023
- Eachtra lámhaigh in Shegaia, 15 Nollaig 2023. Scaoil an IDF marbh triúr gialla ainneoin go raibh brat bán ar iompar acu agus gur ghlaoigh siad amach in Eabhrais.
- Sléacht Al-Rashid, 29 Feabhra 2024
- Ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen, 1 Aibreán 2024
- Agóidí na mac léinn in aghaidh brúidiúlacht Iosrael sa Phalaistín, Aibreán - Bealtaine 2024
- Ionsaí buamála de chuid Iosrael ar ionad tearmainn do theifigh, 27 Bealtaine 2024[11]
- Ionsaí de chuid Iosrael ar scoil i nGaza, 6 Meitheamh 2024
- Saoradh na ngiall i Nuseirat agus damáiste comhthaobhach, 2024
- Feallmharú Ismail Haniyeh, Iúil 2024
- Coimhlint Iosrael–Hezbollah, 2020idí
- Feallmharú Yahya Sinwar, Deireadh Fómhair 2024
2024
Le linn 2024, bhain Iosrael úsáid as an aerfhórsa chun armlanna Hezbollah a ionsaí go rialta. Thosaigh ionradh na Liobáine i dtús Dheireadh Fómhair. Chuir sé sin go mór leis an teannas sa réigiún.[18] Feallmharaíodh Hassan Nasrallah, ceannaire carasmatach de chuid Hezbollah, ar an 27 Meán Fómhair 2024.
- Yahya Sinwar, ceannaire de chuid Hamas, ar an 17 Deireadh Fómhair 2024. Bhí sé ráite ag Fórsaí "Cosanta" Iosrael go raibh rún diongbháilte acu Sinwar a bhású. Mhaígh Príomhaire Netanyahu, i bhfianaise mharú cheannaire Hamas, go raibh "deireadh an chogaidh in Gaza ag druidim le hIosrael" agus "ní féidir a rá go fóill gur deireadh an chogaidh atá ann ach is cinnte gur tús an deiridh atá ann".[19] Feallmharaíodh
Ó 7 Deireadh Fómhair 2023 go dtí mí na Nollag 2024, bhí os cionn 15,000 páiste maraithe in Gaza (líon mór acu sin níos óige ná cúig bliana d’aois)[20] agus 45,000 maraithe in iomlán.[21] Rinne UNICEF cur síos ar Gaza mar ‘reilig’ do na mílte páiste. I gcomparáid, dúirt na Náisiúin Aontaithe i mí na Samhna 2023 go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann (am nuair a tháinig Hamas i gcumhacht in Gaza[22]).[23][24]
Is minic go mbíonn na hairm atá in úsáid ag Iosrael ag teacht díreach trasna ón Aontas Eorpach, gan trácht ar na Stáit Aontaithe.[20]
Féach freisin
Cásanna dlí agus taidhleoireacht
- Imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Phalaistín
- An Afraic Theas v. Iosrael (Coinbhinsiún um Chinedhíothú) nó Cinedhíothú na bPalaistíneach
Stair
- Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023
- Gaza (scannán 2019)
- Coimhlint Iosrael–Hezbollah, 2020idí
Tagairtí
- ↑ "Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-09). Dáta rochtana: 2023-10-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-09). "Léigear iomlán ordaithe ag Aire Cosanta Iosrael ar Stráice Gaza" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Conradh na Gaeilge, Londain (14 Deireadh Fómhair 2023). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-10-15.
- ↑ "Timeline of the 2023 Israel–Hamas war" (as en) (2023-11-11). Wikipedia.
- ↑ 5.0 5.1 "Muintir Gaza i ngarbhaol ‘tubaiste’, trúpaí Iosrael ag déanamh ar Chathair Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-31). Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ "2023 Israeli invasion of the Gaza Strip" (as en) (2023-11-11). Wikipedia.
- ↑ Ciarán Ó Pronntaigh (4 Nollaig 2023). "Síorchogadh? < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-12-04.
- ↑ https://www.aljazeera.com/news/2023/12/31/israeli-bombardment-destroyed-over-70-of-gaza-homes-media-office
- ↑ "Gaza death toll likely to be significantly higher than official figures, study finds".
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-13). "Gaza: tuairgneáil thréan eile faighte ag Rafah" (as ga-IE).
- ↑ 11.0 11.1 Máirtín Ó Duibhir (30 Bealtaine 2024). "Iosrael ag leanúint lena gcogadh dearg beag beann ar an domhan mór" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.
- ↑ "Summary of the Order of 26 January 2024".
- ↑ 13.0 13.1 "Friendly fire may have killed their relatives on Oct. 7. These Israeli families want answers now" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ "IDF Gave Orders to Kill Fellow IDF Soldiers on October 7, Israeli Outlet Reports".
- ↑ "Israeli-Palestinian Conflict" (en). Global Conflict Tracker. Dáta rochtana: 2024-10-27.
- ↑ "Siege and Starvation: How Israel Obstructs Aid to Gaza" (en-US). Refugees International. Dáta rochtana: 2024-03-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-16). "Páistí ag fáil bháis leis an ocras i dtuaisceart Gaza" (as ga-IE).
- ↑ Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-18). ""Deireadh an chogaidh in Gaza ag druidim le hIosrael" - Netanyahu" (as ga-IE).
- ↑ 20.0 20.1 Bridget Bhreathnach (29 Nollaig 2024). "Cynthia Ní Murchú : ‘Ní raibh ionam ach saghas ‘celebrity candidate’ dar leo’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-29.
- ↑ "Gaza death toll nears 45,500 as Israel kills 48 more Palestinians". www.aa.com.tr. Dáta rochtana: 2024-12-29.
- ↑ "Battle of Gaza (2007)" (as en) (2023-11-10). Wikipedia.
- ↑ "Israel-Gaza live news: Firing outside Gaza hospitals, with patients and staff trapped inside - BBC News" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (11 Samhain 2023). "Nuacht Mhall: (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-11-11.
- ↑ Julian Borger (2024-04-01). "Why do arms continue to flow from US to Israel despite ceasefire resolution?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-04-03.