Coilín
Is é is coilín ann ná an fhoirm is coitinne den chuid athraitheach i bhfosfailipidí a bhfuil ról bunúsach acu i struchtúr cillscannán bitheolaíoch. Is comhábhar riachtanach i gcothú speiceas áirithe é, agus mar sin glactar leis uaireanta go bhfuil ceangal aige le vitimíní. Ach níl sé riachtanach don chothú daonna. Tugtar leicitin ar na fosfailipidí a chuimsíonn coilín, agus díoltar é seo i siopaí bianna sláintiúla mar ábhar a laghdaíonn ionsú an cholaistéaróil sa cholainn, rud nach ndéanann sé.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Coilín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 157.