Coillteán
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bc/Chevalier_Auguste_de_Henikstein_-_Kislar_Agassi._Grand_eunuque_du_G._Seineur._Bakadgi_S%C5%B1l%C5%B1sl%C5%B1._Astahi._Cuisinier_du_G._Seigneur.jpg/250px-Chevalier_Auguste_de_Henikstein_-_Kislar_Agassi._Grand_eunuque_du_G._Seineur._Bakadgi_S%C5%B1l%C5%B1sl%C5%B1._Astahi._Cuisinier_du_G._Seigneur.jpg)
Is fear a coilleadh é coillteán, go háirithe (sa tseanam) duine fostaithe le mná a ghardáil i gcúirteanna an Oirthir. Fostaíodh iad mar shearbhóntaí, shaighdiúirí agus amhránaithe freisin. Sa chás deireanach seo coilleadh buachaillí sular tháinig athruithe hormóin orthu chun a ghuthanna a choimeád i réimse an tsopráin. I aghaidh a thola a rinneadh an coilleadh de ghnáth. Sampla de choillteán cáiliúil is ea Zheng He, aimiréal Síneach faoi ríshliocht na Ming.