Coir fuatha
Is éard is coir fuatha[1][2] ann ná cion coiriúil ar bith a mheasann an t-íospartach, nó aon duine eile, a bheith spreagtha ag réamhchlaonadh atá bunaithe ar aois, míchumas, cine, dath, náisiúntacht, eitneachas, reiligiún, claonadh gnéis nó inscne duine.[3]
Coireanna fuatha in Éirinn
Ritheadh an Criminal Justice (Hate Offences) Act in 2024;[4] tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2025 chun déileáil le coireanna áirithe ar fuath is bun leo, fuath a léiriú do dhaoine ar bhonn cine, datha, claonadh gnéis, inscne nó míchumais (mar shampla, leathnaíodh na tréithe cosanta chun inscne (lena n-áirítear féiniúlacht inscne agus léiriú) agus míchumas a chur san áireamh, agus tá sé ina chion anois cinedhíothú a dhiúltú nó a mhionathrú).[5]
Go dtí 2025, bhí Éirinn ar cheann den bheagán ballstát den Aontas Eorpach gan reachtaíocht i gcoinne fuatha. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go raibh an reachtaíocht nua de dhíth orainn ó bhí méadú de 8% ar an líon coireanna fuatha a thaifead na Gardaí in 2024. Thug sí le fios freisin go raibh an reachtaíocht bunaithe ar thaithí phearsanta daoine, toisc go ndeachaigh a roinn i gcomhairle leis an bpobal sular chruthaigh siad í.[6]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ nó coireacht fuatha nó hate crime i mBéarla
- ↑ ““coir fuatha” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-10.
- ↑ Citizensinformation.ie. "An dlí ar chaint fuath" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-03-09.
- ↑ electronic Irish Statute Book (eISB). "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2025-01-04.
- ↑ RTÉ News (2024-12-31). "New hate crime legislation comes into effect" (as en).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (4 Eanáir 2025). "Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-01-04.