Collateral Murder
| ||||
Cineál | aerionsaí ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 12 Iúil 2007 ![]() | |||
Suíomh | Bagdad, An Iaráic ![]() | |||
Meán cumarsáide | ||||
I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán[1] d'eachtra amach a tharla ar 12 Iúil 2007, inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh na hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder, nó "Slad de Leataobh".[2] Tharraing WikiLeaks aird na cruinne nuair a foilsíodh físeán sceite a léirigh ionsaí ingearáin cogaidh de chuid na Stát Aontaithe inar maraíodh déaréag sibhialtach i mBaghdad.[3]
Imeachtaí
Is i 2010 a tharraing Wikileaks aird na cruinne orthu féin, le foilsiú “Collateral Murder”, físeáin a thaispeánann sibhialtaigh san Iaráic á marú ag arm na Stát Aontaithe. Bhí na hionsaithe aeir dírithe ar shibhialtaigh neamhchiontacha. Thaitin an babhta mór lámhaigh i mBagdad leis na fir gunna sna héileacaptair is cosúil, mar fhíschluiche, ag marú daoine gan trua gan taise.

Bhain na híomhánna láidre, an spraoi lámhaigh agus na focail neamhbhalbha ráite ag na saighdiúirí, preab as a lán daoine – a mhalairt ar fad den eolas glan srianta sin a thagann amach ó na foinsí oifigúla.[4]
Ag an am i 2007, bhí chogadh cathartha ar siúl san Iaráic.[5]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Wikileaks (12 Iúil 2007). "Collateral Murder - Iraq". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Wikileaks. "Collateral Murder". collateralmurder.wikileaks.org. Dáta rochtana: 2020-07-13.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cúirt chinniúnach faoi Assange a eiseachadadh as Sasana" (as ga-IE).
- ↑ Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
- ↑ Brian Ó Broin. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.