Foilsíonn Comhar roinnt leabhar freisin. Fáiltíonn an iris roimh scríbhneoirí nua Gaeilge. Comhlacht carthanachta (uimhir 47559) gan scaireanna atá ann.
Stair
Bhunaigh An Comhchaidreamh, dream idir-ollscoile, Comhar sa bhliain 1942.[2] Foilsíodh an chéad eagrán i mBealtaine na bliana 1942, tráth a raibh páipéar gann sa tír agus an dara cogadh domhanda faoi lán seoil.[3][4] Go deimhin, bhí páipéar chomh gann sin ag an am go raibh ar eagarthóirí na hirise nua cead speisialta a lorg ón Aire Seán Lemass chun an iris a chur i gcló.[1]
I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí Comhar a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fógraíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.[5]
Athbhunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta a bhain le COMHAR, inphrionta "LeabhairCOMHAR" sa bhliain 2010 chun nualitríocht na Gaeilge a fhorbairt. Tá sí mar aidhm ag an gcomhlacht ó thús, scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach. Tá breis is 45 leabhar foilsithe ag "LeabhairCOMHAR" ó thús ama. Cuireann"LeabhairCOMHAR" réimse leathan leabhar ar fáil idir leabhair staire, beathaisnéisí acadúla agus úrscéalta do dhaoine fásta. Tá sé cinn de shraitheanna á bhforbairt ag "LeabhairCOMHAR" faoi láthair mar a leanas:
GUTH NUA (ficsean do dhaoine fásta atá scríofa ag scríbhneoirí nua);
DORAS FEASA (leabhair stairiúla agus fhaisnéise);
AN SAOL ÓG (leabhair phictiúr agus litríocht do pháiste);
SAOL AGUS SAOTHAIR (beathaisnéisí acadúla);
TÉAD NA FILÍOCHTA (cnuasaigh théamacha d’fhilíocht ó údair aitheanta) agus
FOGHLAIMEOIR FÁSTA (úrscéalta do dhaoine fásta atá ag foghlaim Gaeilge).
Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an Siopa Leabhar ar líne ar an leathanach gréasáin www.iriscomhar.com le feiceáil go bhfuil neart leabhar ar fáil a bhféadfaí úsáid a bhaint astu sa seomra ranga nó leas a bhaint astu chun suim daoine óga a mhúscailt sa léitheoireacht.
Foghlaimeoir Fásta
An Gaeilgeoir Grámhar, Alan Desmond, 2011.
Samhradh an Chéasta, Catherine Foley, 2010.
An Foghlaimeoir Fásta, Alan Desmond, 2006.
Croí na Ceiste, Pól Ní Muirí, 2007 (as cló).
Gaeilge agus Grá, Alan Desmond, 2007 (as cló).
Míle Murdar! Mícheál Ó Ruairc, 2005.
Paloma, Pól Ó Muirí, 2000 (2002) (as cló).
Sorcha sa Ghailearaí, Catherine Foley, 2005 (as cló).
Teach na ngColúr,Aisling Ní Leidhin agus Liam Mac Amhlaigh, 2006 (2010).
Teifeach, Pól Ó Muirí, 2002 (2005).
Leabhar a foilsíodh idir 2010 agus 2012
Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg, Ríona Nic Congáil, as an tsraith AN SAOL ÓG, 2012.
An Ghaeilge i gCéin: Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta curtha in eagar ag Siúin Ní Dhuinn as an tsraith GUTH NUA, 2011.
Annála, Gréagóir Ó Dúill, as an tsraith TÉAD NA FILÍOCHTA, 2011.
Saol an Mhadra Bháin Ríona Nic Congáil, as an tsraith AN SAOL ÓG, 2011.
Rún an Bhonnáin Proinsias Mac a’ Bhaird, as an tsraith GUTH NUA, 2010.
Uachtaráin na hÉireann Eithne Nic Eoin, 2010.
Leabhair a foilsíodh roimh 2010
An bhfaca tú Dracula? Dialann Thrasalvánach, Aodh Ó Canainn, 1997 (as cló).
An Cailín Rua, Catherine Foley, 2004.
An Chaint sa tSráidbhaile, Breandán Ó hEithir, curtha in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín, 1991 (as cló).
An dá Mháirtín, Diarmaid Ó Gráinne, 1990.
An Deoir sa Bhuidéal, S.E. Ó Cearbhaill, 1998.
An Ród seo Romham, Liam Mac Uistín 2006.
An Spealadóir Polannach, Peter Huchel, 1994.
An Stad – Croí na hAthbheochana, Seán Ó Cearnaigh, 1993.
Ar Bhruach na Laoi, Liam Ó Muirthile, 1995 (as cló).
Bás i mBaile an Ghorta, Mícheál Ó Ruairc, 2003 (as cló).
Bás san Oirthear, Lorcán S. Ó Treasaigh, 1992.
Bean Athbheochana, Mairéad Ní Chinnéide, 1993.
Brocairí Bhedlington agus Scéalta Eile, Gearailt Mac Eoin, 1996.
Caithfear Éisteacht!, Liam Prút, 1999.
Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn, curtha in eagar ag Liam Prút, 1997.
Clann na nÉan / Ríocht na Cailce, Gabriel Rosenstock, 2005 (as cló).
Comhar: Innéacs 50 bliain, Máire de Grás, 1992 (as cló).
Dlíthe an Nádúir, Pól Ó Muirí, 2001 (as cló).
Géaga Trí Thine, Gabriel Rosenstock, 2006 (as cló).
Ó Chómhargadh go hAontas, Maolmhaodhóg Ó Ruairc, 1994.
Oileán Rúin agus Muir an Dáin, Micheál Mac Craith, 1993.
Plumaí, Liam Prút, 1997.
Pónairí ar Thósta: Dialann Mic Léinn Ollscoile, Mícheál Ó Ruairc, 2007.
Ríomh-Scéalta chuig Bilí, Liam Mac Uistín 2007 (2010).
Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, Seán Ó Cearnaigh, 1995.
Seal sa Pholainn, Alan Desmond, 2007.
Seán agus a Chamán, Pádraig ó Giollagáin agus Mike McCarty, 2001 (as cló).
Seo Linn go Tóiceo, Iarla Mac Aodha Bhuí, 2000.
Tréigean na Cúise, Iarla Mac Aodha Bhuí, 1999.
Trasna na dTonnta, Mícheál Ó Ruairc, 2001 (as cló).
Trioblóid (leabhar agus dlúth-dhiosca), Colmán Ó Drisceoil, 2005 (as cló).
In Éadan na Gaoithe, Peter Hartling, aistrithe go Gaeilge ag Máire Mhic Eoin, 2002 (as cló).
Eagarthóirí
1942
Seán Ó Buachalla, Máirtín Ó Flathartaigh, Tomás Ó Floinn, Tomás de Bhaldraithe, Séamus Ó Néill, Dáithí Ó hUaithne, Seán Mac Réamoinn, Proinsias Mac Cana, Caoimhín Ó Góilidhe, Helen Beaumont, Mícheál Ó Cíosóig
1952
Riobard Mac Góráin, Gearóid Mac Niocaill, Mícheál Ó Riain, Eibhlín Ní Bhriain, Breandán Ó hEithir
Anna Heussaff1962
Breandán Ó hEithir (1960-1963; 1965-1966), Caoimhín Ó Marcaigh, Eoghan Ó hAnluain, Mícheál Ó hUanacháin, Piaras Ó Gaora
1972
Seán Ó hÉalaithe, Dáithí Ó hÓgain, Cathal Mac Giolla Coille, Treasa Ní Ógáin, Rhoda Uí Chonaire, Proinnseas Ní Dhorcaí, Anna Heussaff
1982
Caoilfhionn Nic Pháidín, Mícheál Ó Cearúil, Seosamh Ó Murchú, Éamonn Ó Dónaill
1992
Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin
Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
Eagarthóir Liteartha: Siobhán Ní Fhoghlú (Eanáir-Iúil); Gréagóir Ó Dúill (Lúnasa-Nollaig)