Conradh Maastricht
Cineál | conradh |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Maastricht |
Cuid de | treaty of the European Union (en) |
Dáta na bliana | 7 Feabhra 1992 |
Príomhábhar | Three pillars of the European Union (en) |
Suíomh | Maastricht, An Ísiltír , Limburg, An Ísiltír |
Tír | an Ísiltír |
Teanga an tsaothair nó an ainm | An Danmhairgis, Gearmáinis, Béarla, An Spáinnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, An Iodáilis, An Ollainnis agus An Phortaingéilis |
Síníodh an Conradh ar an Aontas Eorpach nó Conradh Maastricht ar an 7 Feabhra 1992 i Maastricht na hÍsiltíre. Cuireadh an Conradh i bhfeidhm ar an 1 Samhain 1993.[1][2] Leis an gconradh seo, bunaíodh an tAontas Eorpach, agus cruthaíodh an euro mar thoradh air (a tháinig i bhfeidhm sna blianta 1999-2002).[3] Tugadh stádas foirmiúil don Chomhairle Eorpach, a chuireann dlús agus treoirlínte polaitiúla d'fhorbairt an Aontais.
Féach freisin
- Conradh na Róimhe, 1957-1958, bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
- Conradh Nice, 2002, an córas vótála sa Chomhairle srl
- Conradh Liospóin, 2007-2008, cumhachtaí nua déanta dlíthe do Pharlaimint na hEorpa, srl
Tagairtí
- ↑ europa.eu (1993). "CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (pdf)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-02.
- ↑ Anonymous (2016-07-05). "Conarthaí an Aontais" (en). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2020-11-03.
- ↑ "EUR-Lex - 12012M/TXT - EN - EUR-Lex" (en). eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2020-11-03.