Is contae cois farraige i ndeisceart Texas ar an teorainn le Meicsiceo é Cameron. Is é Brownsville príomhbhaile an chontae agus an chathair is mó sa chontae. Bhí 406,220 duine ag maireachtaint sa chontae sa bhliain 2010, suas ó 335,227 duine sa bhliain 2000. Ba Spáinnis an phríomhtheanga ag 72.9% de na daoine sa bhliain 2010 agus ba Bhéarla an phríomhtheanga ag 26.3%. Ba í an Ghaoluinn an phríomhtheanga ag 15 duine sa chontae sa bhliain 2000.